Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Plean Straitéiseach

Fáilte chuig Plean Straitéiseach OTA: An Todhchaí á Múnlú le Chéile

Mar ollscoil nua a bhfuil fréamhacha doimhne aici inár bpobal, cultúr agus geilleagar, táimid tiomanta d’fhreastal ar iarthar agus ar iarthuaisceart na hÉireann. 

Léirítear ar ár gcampais éagsúla cineál uathúil an réigiúin, agus síntear ár n-aimsiú i bhfad níos faide lasmuigh den réigiún, a cheanglaíonn sinn go domhanda tríd an bhfoghlaim, an taighde, agus an nuálaíocht.

Is foghlaimeoirí, oideachasóirí, agus cruthaitheoirí muid a oibríonn le chéile chun freastal ar riachtanais atá ag teacht chun cinn go mear ar an saol seo. 

Tá ár naoi gcampas lonnaithe i gcathracha, i mbailte, agus i gceantair thuaithe cois cósta, agus cruthaíonn sin ollscoil atá áitiúil ina croí agus domhanda ina huaillmhian.

Fís

Déanfar ollscoil ar a bhfuil cáil idirnáisiúnta dínn lena bhfeabhsaítear an caighdeán saoil atá ag daoine inár réigiún agus ina gcruthaítear todhchaí inbhuanaithe do gach duine.

Misean

Cuirimid lenár réigiún trí bharr feabhais acadúil agus taighde a chur ar fáil agus muid ag oibriú i gcomhar le comhpháirtithe réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Luachanna

Cruthaímid cultúr, trí na luachanna seo a léiriú, a chuirfidh ar ár gcumas a bheith inár n-ollscoil rathúil.

Ár Réaltaí Eolais: Colúin ár Straitéise

Tá an Plean Straitéiseach bunaithe ar chúig Réalta Eolais.

Oideachas a Chumasú: Dírímid ar bhonneagar solúbtha ionchuimsitheach feabhsaithe foghlama, agus ar mhúinteoireacht nuálach le hinfhostaitheacht, inbhuanaitheacht, agus rath na mac léinn a chothú.

Taighde Tiomanta: Téitear i ngleic lenár dtaighde le dúshláin ríthábhachtacha atá roimh an réigiún agus níos faide i gcéin, ina leagtar béim ar chomhoibriú agus ar thionchar a imirt sa saol seo.

Éiceachóras Ceangailte: Cothaímid comhpháirtíochtaí i measc earnálacha, a chruthaíonn timpeallacht dhinimiciúil don fhás, don nuálaíocht, agus don rath comhroinnte.

Claochlú Eagraíochta: Tá OTA tiomanta do bheith ag athrú agus ag nuachóiriú, trína gcinntítear go bhfuilimid sofhreagrúil agus réidh don todhchaí.

Inbhuanaitheacht ar mhaithe leis an Todhchaí: Tá inbhuanaitheacht i gceartlár ár bplean, de réir mar a oibrímid lenár bpláinéad a chosaint agus folláine ár bpobal a fheabhsú.

Bí Linn ar Ár nAistear

Is fís chomhroinnte é Plean Straitéiseach OTA, fís a múnlaíodh le hionchur ár bpáirtithe leasmhara go léir.

Is féidir linn, i dteannta a chéile, tionchar marthanach a imirt agus a chinntiú go bhfanfaidh ár n-ollscoil bríomhar, ionchuimsitheach, agus réidh don todhchaí.