Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
orla-flynn

Uachtarán

An Dr Orla Flynn

orla-flynn

Ceapadh an Dr Orla Flynn ina céad Uachtarán ar Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) in Aibreán 2022.

Bhí sí ina hUachtarán ar GMIT ó Mhárta 2020 go Márta 2022 tar éis di fónamh roimhe sin ina Leas-Uachtarán do Ghnóthaí Seachtracha in Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí (CIT) ar feadh sé bliana.

Bhí sí i gceannas ar Choláiste Ealaíne agus Dearaidh Crawford ar feadh 8 mbliana roimhe sin áit ar chaith sí tréimhsí ina Ceann ar Scoil na nDaonnachtaí (3 bliana) agus ina Ceann ar Roinn na Cumarsáide Meán (5 bliana) in CIT.

Bhí sí ina léachtóir freisin sa Roinn Matamaitice agus Ríomhaireachta ar feadh 13 bliana in CIT.

Tá cáilíochtaí fochéime agus iarchéime bainte amach ag an Dr Flynn san Fhisic Mhatamaiticiúil agus Ríomheolaíocht ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, MA i mBainistíocht san Oideachas ó Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus PhD ó Ollscoil Luimnigh.

Tá sí ina stiúrthóir faoi láthair ar Bhoird THEA agus HEANet.