Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
52136751490_640d06485a_c

Eolas Fúinn

Fáilte go hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA), ceann de na hollscoileanna ilchampais is mó in Éirinn.

52136751490_640d06485a_c


Tá campais ag OTA i nDún na nGall, Sligeach, Maigh Eo, agus Gaillimh agus freastalaíonn an ollscoil ar phobal éagsúil foghlaimeoirí, foirne agus eagraíochtaí agus cuireann sí meascán uathúil de bharr feabhais acadúil, de nuálaíocht taighde agus de chaighdeán na beatha ar fáil. 

Tá OTA ar an mbóthar ceart go ndéanfar mol di a mheallfaidh daoine cumasacha, a chuirfidh oideachas orthu agus a choinneoidh iad.  Táimid tiomanta do thacú le forbairt gheilleagrach, shóisialta agus chultúrtha ar fud an iarthair, an iarthuaiscirt agus na limistéar trasteorann.  

Spreagann ár n-éiteas comhoibritheach sinn oideachas agus taighde praiticiúil atá dírithe ar réitigh a chur ar fáil a théann i ngleic go díreach le dúshláin dhomhanda.  

Tá breis is 26,000 mac léinn againn atá ag freastal ar 600+ clár fochéime agus dochtúireachta, agus cothaítear pobal in OTA ina gcuirtear an rath chun cinn trí spriocanna agus éachtaí comhroinnte. Cuireann ár dtiomantas do bharr feabhais acadúil ar chumas mac léinn a bheith ina saoránaigh fhreagracha, ina smaointeoirí criticiúla, agus ina bhfoghlaimeoirí ar feadh an tsaoil. 

Bíonn OTA fréamhaithe go domhain i gcónaí in idirchaidreamh leis an tionscal, agus cuirimid cúrsaí ar fáil fhreastalaíonn ar riachtanais an lucht saothair san am i láthair agus amach anseo. Trí cheangail láidre a chruthú le fostóirí réigiúnacha, cruthaímid deiseanna fostaíochta inbhuanaithe agus cuirimid fás chun cinn inár ngeilleagair áitiúla. 

Mar chuid de OTA, tugann mic léinn aghaidh ar aistear mar shaoránaigh dhomhanda, tugann siad faoi thaighde idirnáisiúnta agus tugtar socrúcháin staidéir agus oibre thar lear dóibh.  

Ullmhaítear céimithe inár n-ollscoil don rath i dtírdhreach atá ag teacht chun cinn go mear, trí na scileanna agus na peirspictíochtaí atá ag teastáil uathu a thabhairt dóibh chun an rath a bhaint amach agus cur go bríoch le geilleagair inbhuanaithe dhomhanda. 

Cibé acu más mac léinn thú a bhfuil taithí idirnáisiúnta á lorg agat nó má tá d’eagraíocht ag lorg comhpháirtíochtaí domhanda, is é OTA an áit is fearr duit. 

Is anseo atá an todhchaí.